IrishAd flybe 

Cuireann Aerfort Dhún na nGall ag an Charraig Fhinn, sa choirneál is faide thiar thuaidh d'Éirinn, féidearachtaí úra ar fail do thurasóirí agus do lucht gnó.

Tá clú agus cáil ar thránna an cheantair ach go háirithe ar an trá cóngarach don aerfort ag an Charraig Fhinn.

Cinn de na hAerfoirt Réigiúnda is nua-aimseartha san Eoraip, le ceangal laethúil go Baile atha Cliath chomh maith le ceangal trí uair sa seachtain go Glaschú agus ceangail as na cathracha sin go dtí an chuid eile den Eoraip.

Tar isteach agus cuirfear fáilte romhat san fhoirgneamh breá fairsing tarraingteach seo áit a bhfuil foireann mhaith ábalta agus réidh le gach cuidiú agus cúnamh a thabhairt.

Faigh blas de'n chultúir agus de'n dúchas i gceann de na Gaeltachtaí is mó sa tír agus tú ag éisteacht le comhrá mhuintir an cheantair ag an Aerfort.

Thig leat suí siar agus greim bia a fháil ag Caife Charraig Fhinne nó más fearr leat deoch a fháil ag Beár Dhún na nGall.